You are here

Na Déise

  1. ag búithreadh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): bellowing, roaring, lowing
    Sampla(í) Úsáide: Thá an bhó ag búithreadh. - The cow is lowing. Bhí an tarbh ag búithreadh. - The bull was bellowing. ..."an t-eas (ǝn tas) ag búithreadh.." - the waterfall roaring.
    Tuilleadh
  2. ag búithreadh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): bellowing
    Sampla(í) Úsáide: bhí na ba ag búithreadh. - The cows were lowing. bhúir an bhó i lár na h-oidhche - The cow lowed in the middle of the night. bhí an tarbh ag búithreadh le buill - The bull was bellowing with rage.
    Tuilleadh
  3. ag casachtach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): coughing
    Sampla(í) Úsáide: bhí mé ag casachtach rith (rux) na h-oidhche - I was coughing during the night. (Ní raibh sé mar bhriathar.) Níor chuir sé puth chasactach(?) as.
    Tuilleadh
  4. ag ceanteáil
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): auctioning
    Sampla(í) Úsáide: Thá sé ag ceainteáil a bhfuil de stoc aige - He is auctioning all his stock. Thá sé chun an feirm a cheainteáil. - He is going to auction the farm. (Ní raibh a thuille de'n mbriathar ann.)
    Tuilleadh
  5. ag ciceáil
    Sampla(í) Úsáide: capall a bheadh ag ciceáil, nó bó a beadh ag ciceáil nuair bheifí 'ghá crúdh.
    Tuilleadh
  6. ag cimeád
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): keeping
    Sampla(í) Úsáide: ag cimeád na leapthan. - Keeping to the bed.
    Tuilleadh
  7. ag cimilt
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): rubbing
    Sampla(í) Úsáide: ag cimilt leis na daoine móra. - Rubbing up to the "big" people - .i. Currying favour with.
    Tuilleadh
  8. ag clagarnach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to patter, noise of rain falling
    Sampla(í) Úsáide: Thá sé ag clagarnach. - It is "pouring". Clagarnach na feartanna ar na slinntreacha. - The patter of the rain on the slates. ...nó "ar an slinn" - .i. on the roof.
    Tuilleadh
  9. ag cleataráil
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): rattling, clattering
    Sampla(í) Úsáide: Bhí na buicéidí ag cleataráil sa chairt. - The buckets were rattling in the cart. Bhí ag "rattle-áil" sa nG. leis.
    Tuilleadh
  10. ag cliú
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): copulating, treading
    Sampla(í) Úsáide: Thá an coileach ag cliú na circe. - The cock is "treading" the hen. Níor airigheas "cliú" ag tagairt do bheithidigh 7rl.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Na Déise