You are here

Connacht

  1. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (t) Tréis br. áirithe (áit mbéadh 'from' i mBéarla).
    Sampla(í) Úsáide: "Ag trosgadh ar thobac" (1a). "Ag dul ar fasgadh ar an mbáisteach" (2). "É fhéin a shábhailt air" (4) "Is deacair a dhul i bhfocach ar an ocras" (1a). "É a cheilt air" (1a).
    Tuilleadh
  2. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (u) Tréis a.teib. ar nós 'meas", 'cion', gráin', 'aithne', 'eolas' 'cuimhne', srl.- agus. 'tuisgint', 'buidheachas', 'fios', 'rún', 'oideas', 'gainneacht', 'fios', 'rún'. 'oideas', 'gainneacht', 'maith', srl. "Ní bheidh aon bhuidheachas air" (7).
    Sampla(í) Úsáide: "Beidh fios air amáireach" (2). "Tá tuisgint agam air bheagán" (33). "Níl oideas agam air" (2). "Rinne sé rún air" (1). "Dá mbeadh fhios agam go raibh aon ghainneacht air" (6). "Níl aon mhaith air" (1) (le duine tinn). "Cé'n bhraigíll atá air?" (6). "Níl aon siodal air" (39) .i. níl aon mhaoin aige.
    Tuilleadh
  3. ar
    Sampla(í) Úsáide: ar aghaidh
    Tuilleadh
  4. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (v) ar .i. ar son,
    Sampla(í) Úsáide: "Fuair mé ar mo chuid airgid féin é" (2) "Geobhfá mála mine ar t'fhocal" (23). "Ná corraigh ar a bhfaca tú ariamh" (1). "Ní cheideónainn ar an saoghal é" (7) "Ag obair ar a bhéilidh" (23) "Cé'n méad d'íoc tú air?" (27). (ach "íocfaidh tú as sin" (2) .i. bainfear díoghaltas asat ina thaoibh).
    Tuilleadh
  5. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. (w) Tréis ainmneacha bhaineas le 'tinneas', 'mothú' srl.
    Sampla(í) Úsáide: "Tá slaghdán orm" (27). "Tá dearmad orm" (2) "Tá dul amugha ort" (1). "Nach air atá sé (1) .i. nach air atá an smál, an díthchéille.
    Tuilleadh
  6. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. Áit mbéadh 'of' i mBéarla
    Sampla(í) Úsáide: "Fear atá ar m'ainm fhéin" (1a) "Fear bhí ar an gcreideamh céadna" (1). "Bhí an 'mantle' ar an gcosúlacht sin" (26). "Beirt ag troid agus iad ar aon sgéal" (6) "ar aon intinn" (1) "ar aon airde" (1).
    Tuilleadh
  7. ar
    Tuilleadh
  8. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. le 'baladh',
    Sampla(í) Úsáide: "Sin é bhfuil an baladh breágh air" (13).
    Tuilleadh
  9. ar
    Sampla(í) Úsáide: Bhí siad ar an obair sin nó go raibh an poll déanta.
    Tuilleadh
  10. ar
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): r.fhoc. le 'cuireadh'
    Sampla(í) Úsáide: "Cuireadh ar an mbainis" (4). "Cuireadh agat ar sheacht gcinn" (17)
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Connacht