You are here

  1. bháinneáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): falróíd
    Sampla(í) Úsáide: Ag bháinneáil thart. a' bháinneáil ó áit go háit.
    Tuilleadh
  2. bháirdeáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ag imtheacht thart go fánach
    Sampla(í) Úsáide: Beirtear a' bháirdeall agus ag bháirdeoireacht freisin.
    Tuilleadh
  3. bhaoitéaracht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): leadaidheacht
    Tuilleadh
  4. bhriostais
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): neart, comhacht
    Tuilleadh
  5. biodach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): sgian phóca a mbíonn píosa dhen lainn bainte dhi
    Tuilleadh
  6. bionndalán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): brat cinn, (turban)
    Tuilleadh
  7. bior-eanga
    Sampla(í) Úsáide: Níl bior-eanga (aon rud) ar na cearce .I. pioc feola.
    Tuilleadh
  8. bior-in-aon-tsúil
    Sampla(í) Úsáide: Is mairg a bhíos taobh le bior-in-aon-tsúil .i. a' brath ar dhuine amháin (ar taobh le ?), mar is minic a thréigeas sé sin thú.
    Tuilleadh
  9. bioraire
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): An barra iarainn a bhíos thuas ar an gcrioch dhá fhastú de mhaide na croiche.
    Tuilleadh
  10. bísteálaidhe
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): fear mór garbh droch-mhúinte
    Tuilleadh

Pages