You are here
Gaillimh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. áit a mbeadh 'dá' nó 'má'
Sampla(í) Úsáide: "Déarfainnse le dreathar Th. é agus castar dhom ar an mbóthar é" (25) .i. Dhá gcasfaidhe......
Tuilleadh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. áit nach bhfuil call le 'agus'
Sampla(í) Úsáide: "Nach mór an deabhal a bhí air agus é dhéanamh" (27) "Tiubhraidh sé cnámh le creinneadh dhó is an tír sin a choisint" (12). "Ar son Dé na trócaire agus innis dhom é" (6) "Dair brígh bhfuil do leabhair i nÉirinn is cuirfeadh sé uathbhas ort" (7). "Mo chraiceann 's ná raibh ag an deabhal" (1).
Tuilleadh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. Théis 'gach'
Sampla(í) Úsáide: "Gach 's a bhfuil ann agaibh" (1)
Tuilleadh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. Thréis 'tharla' (Thál), lá, i ndán.
Sampla(í) Úsáide: "Thál 's go raibh sé ann" (1). "Thál 's an rothar aige" (3). "Lá's go bhfuil an Fhrainnc buailte". (7)
Tuilleadh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. i ndán is.
Sampla(í) Úsáide: "Má tá in dán 's go dtiocfaidh sé" (3).
Tuilleadh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. Théis 'tá fhios', 'cuimniú'
Sampla(í) Úsáide: "Tá's ag Mac Dé is gur chuimhnigh mé gurbé a bhí ann" (32). "Tá's ag Mac Dé is go dtáinic" (2). "Chuimhnigh mé is gurab é bhí ann" (22)
Tuilleadh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. "Chuile's tuige" .i. chuile chuige.
Tuilleadh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. "I n-ainm 's a bheith"
Tuilleadh
-
agus
Ciall nó Míniú (Gaeilge): c-nasg. Nós mara .i nó mara
Sampla(í) Úsáide: "Níl fhios agam a bhfuil no's mara bhfuil" (7) (c.f. 'is ionnan's gur b'eadh' 'i gcruth's go timpeall 's, tuairim's (1). 'faoi'n a rabh 's' 'sa gcaoi's go.....' srl).
Tuilleadh
-
agus
Sampla(í) Úsáide: Bhfuil sí gortaithe. nach bhfuil fhios a'd go maith go bhfuil agus í bheith ar an leaba (62)
Tuilleadh
Pages