You are here

Gaillimh

  1. aghaidh
    Sampla(í) Úsáide: b., 1. (b) T'aghaidh a thabhairt ar áit, to go towards a place. Thug sí a haghaidh ar an mbaile, she made for home. Suas ar an bportach a bhíodh m'aghaidh an t-am céanna, it is up to the bog I used to go (working) at that time.
    Tuilleadh
  2. aghaidh
    Sampla(í) Úsáide: Bhí aghaidh mo ghoile aníos, I had a feeling of nausea.
    Tuilleadh
  3. aghaidh
    Sampla(í) Úsáide: b., 1. (d) Aghaidh a thabhairt do, to acquire a taste for. An garrdha a dtiobharaidís aghaidh dhó, níorbh fhéidir iad a choinneáil as, they couldn't be kept out of the garden for which they (cattle) would acquire a taste. Duine ar bith thiobhfras aghaidh go (do) chártaí is deacair leis fanacht uathab. Thugadh sé an-aghaidh go (do) chartaí, he was very fond of cards.
    Tuilleadh
  4. aghaidh
    Sampla(í) Úsáide: b., 1. (e) Aghaidh daoine, influx of people, traffic of people. Áit é a mbíonn go leor aghaidh daoine. Bhíodh aghaidh go leor daoine ann. Tá an-aghaidh daoiní air (74) it (shop) has a great number of customers.
    Tuilleadh
  5. aghaidh
    Sampla(í) Úsáide: b., 1. (f) Aghaidh a thabhairt ar dhuine, to attack someone (verbally). Thug sí aghaidh air, she attacked him. Thug sé droch-aghaidh orm ach d'éist mé leis (25), he attacked me angrily, but I did not return his attack. Na haghaidheannaí bhí sé a thabhairt air, the (verbal) attacks he was making on him
    Tuilleadh
  6. aghaidh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): b., 1. (g) (unwanted, critical, annoying) attention.....
    Sampla(í) Úsáide: gan a bheith ag tarraingt aghaidh an tsagairt orthab féin (4), not to be attracting the priest's attention (and criticism or anger). Tóig t'aghaidh dhaom, leave me alone (stop teasing, criticizing, me).
    Tuilleadh
  7. aghaidh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): b., 1. (h) (pleasant) manner.
    Sampla(í) Úsáide: Bhí aghaidh dheas aige go chuile dhuine, he was very pleasant towards everybody. Is deas an aghaidh atá aici go dhaoine (74), she is very pleasant to people.
    Tuilleadh
  8. aghaidh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): b., 1. (i) aspect. (25), sunny aspect.
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Aghaidh gréine
    Sampla(í) Úsáide: Rud a chur ar aghaidh gréine (3), to set a thing in a sunny place. Is deas an aghaidh gréine atá aige (74), it (house) has a nice sunny aspect. Bhí aghaidh an tighe ar an mbóthar (3), the house was facing the road.
    Tuilleadh
  9. aghaidh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): b., 1. (j) (settled) appearance (of weather).
    Sampla(í) Úsáide: Tá aghaidh bheag ag toidheacht ar an aimsir, the weather is showing some slight sign of settling. Níl aghaidh ar bith ar an aimsir fós, the weather shows no sign of settling yet. Níl aon aghaidh mhaith ar an lá (10), the day looks bad.
    Tuilleadh
  10. aghaidh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): 2. deserts.
    Sampla(í) Úsáide: Is maith an aghaidh air é. He well deserves it. Is maith an aghaidh bean mhaith thú (19), you well deserve a good wife. Is dona an aghaidh orthab é (1), it is less than they deserve.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Gaillimh