You are here

Gaillimh

  1. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): R.-fhoc. .i. Pósta ag,
    Sampla(í) Úsáide: "Sin é bhí ag Brighid Ruadh" (1) .i. sin é bhí pósta ag Brighid Ruadh.
    Tuilleadh
  2. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Fág áit agam" (1) .i. Fág áit dhom.
    Tuilleadh
  3. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Sin é anois agat é" (1) .i. Sin é mo thuairim (mo sgéal dhuit). Sin é mar a tharluigheas (théis sgéal chloisteáil, rud fheiceáil ag tárla srl.)
    Tuilleadh
  4. ag
    Sampla(í) Úsáide: "Mara bhfuil ag Dia" (1) .i. Mara bhfuil a mhalairt i ndán.
    Tuilleadh
  5. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): réamh. 1. (le suíomh)
    Sampla(í) Úsáide: (a) Ag an doras, at the door. Ag an Aifreann, at mass. Ag an aonach, at the fair (ar an aonach is coitianta). Ag an scoil (25) (6), at school.
    Tuilleadh
  6. ag
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): at my house
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): réamh. 1. (b) Agam
    Sampla(í) Úsáide: D'fhan sé againne (25), he stayed at our house. Raibh Peige againn (56)? was Peggy at our house?
    Tuilleadh
  7. ag
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): réamh. 1. (c) Under (a master).
    Sampla(í) Úsáide: Ag Cóil atá sé ag obair (1) he is working under Cóil (a ganger). An bhean a raibh sí aice roimhe sin (25), the woman for whom she was working formerly.
    Tuilleadh
  8. ag
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): réamh.1. (d) From (speaker)
    Sampla(í) Úsáide: Chuala mé ag Seán é (1), I heard it from Seán.
    Tuilleadh
  9. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): réamh. 1. (e) Le br. ar nós coinním, fágaim, leagaim.
    Sampla(í) Úsáide: Choinnigh do chuid cainte agad féin (1), keep your talk to yourself. Ag leagan na n-uibheachaí ag cuisliméara i nGaillimh (5), delivering the eggs to a customer in Galway (Cf. ag² (b)).
    Tuilleadh
  10. ag
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): réamh. 2. (le pointe ama)
    Sampla(í) Úsáide: Ag a dó dhéag, at twelve o'clock.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Gaillimh