You are here

Gaillimh

  1. aoirde
    Sampla(í) Úsáide: "Nuair a bheadh sé in aoirde mhara" (2) .i. 'na lán Mara.
    Tuilleadh
  2. aoirde
    Sampla(í) Úsáide: "Bhí aoirde feola air" (2) "aoirde salachair ann" (2) .i. go leor "Aoirde crann báid do shalachar" (2) id.
    Tuilleadh
  3. aoirdeacht
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.b. .i. aoirde
    Sampla(í) Úsáide: "Ní aoirdeacht mhór bhí sa taoille" (6) "Ní aoirdeacht mhór ar bith é" (6). "Tá sé déanta go deas ach is ar a aoirdeacht" (1a) .i. ach tá sé ró-árd.
    Tuilleadh
  4. aois
    Sampla(í) Úsáide: seacht gcéad agus seacht lá
    Tuilleadh
  5. aois
    Sampla(í) Úsáide: "Cé'n aois thú" (4) .i. Cé'n aois atá agat? "Tá an aois ag tuitim air" (2). Aois chapall na muintire .i. an-aois. "Fuair sé aois chapall na muintire" (1). "Ní fhaca mé thú le aois chapall na muintire" (49) .i. le fada. "Fuair sé aois Mrucha Bheannachair" (6) .i. an-aois. "Ní féidir leób m'aois fhagháil." (17) .i. clárú m'aoise fhagháil" (17). "Chuir siad fios ar a n-aois" (17) .i. ar a dteastaisí beirthe. "Cé'n aois an oidhche?" (6) .i. cé'n t-am do'n oidhche é."Níl aois nó aimsir fós air. "Is maith an fear é agus an aois atá aige.
    Tuilleadh
  6. aois
    Tuilleadh
  7. aois
    Sampla(í) Úsáide: in aois mhór (?)
    Tuilleadh
  8. aois
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): ag breathnú óigeanta (sean nó óg dhuine)
    Tuilleadh
  9. aois
    Sampla(í) Úsáide: aois mhór
    Tuilleadh
  10. aois
    Sampla(í) Úsáide: do bharr a aois, fás na haoise i ndeire a haoise.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Gaillimh