You are here

Gaillimh

  1. amárach
    Tuilleadh
  2. áméan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. amen,
    Sampla(í) Úsáide: "A míle méan!" (23) .i. áméan (go láidir).
    Tuilleadh
  3. áméan
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. píosa beag bídeach.
    Sampla(í) Úsáide: "Tabhair dhom oiread áméan do phíosa" (1). "Oiread áméan do thailliúir" (1a)... .i. Táilliúir beag bídeach. "A dhaithín áméan" (2) .i. píosín beag.
    Tuilleadh
  4. amhail
    Sampla(í) Úsáide: ní bheith éan amhail agat ann, you'd get used to it
    Tuilleadh
  5. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do.bhr. .i. céadna
    Sampla(í) Úsáide: "In aon áit amháin atá sí i gcomhnaidhe?" (34) .i. "san áit chéadna.....? "Ní hí an Ghaedhilge amháin atá san áit seo is atá i gConamara" (27).
    Tuilleadh
  6. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do.bhr. le "chuile" "gach"
    Sampla(í) Úsáide: "Chuile cheann amháin acub" (1a) .i. chuile cheann ariamh acub.
    Tuilleadh
  7. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do. bhr. marach amháin .i. marach rud áirid amháin, marach rud eicínt.
    Sampla(í) Úsáide: "Gabhfainn ann - marach amháin" (1) "Marach amháin, bheadh t'anam orm" (2) .i. fiú amháin.
    Tuilleadh
  8. amháin
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): do. bhr. é amháin .i. even though, but nevertheless (i mbrla.)
    Sampla(í) Úsáide: "B'fhéidir go bhfuil go leor fágtha amach é amháin go bhfuil cuid mhaith tugtha síós innte" (13). "Níor thastaigh sé chor ar bith, é amháin go dtug mé liom é" (7). "Is fada an t-achar go dtí an tulach é amháin go bhfuil an bóthar go maith" (5). "Nár ba hé amháin dhuit!' (6) .i. Ná raibh tú taobh leis an méid sin (do dhonas).
    Tuilleadh
  9. amháin
    Sampla(í) Úsáide: bainne bó amháin. (6)
    Tuilleadh
  10. amháin
    Sampla(í) Úsáide: ach amháin. lá amháin. fiú amháin. tá rud amháin agamsa le rádh. Ceist amháin é féin amháin.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Gaillimh